| Eneyd (Intelligent) En, Én (Bird, Hawk of Achill) Enna, Énnae, Éanna, Anind (Bird-Like) Efnissien, Evissyen, Ennissyen (The Unpeaceful) Arsaidh sin a eoúin Accla Fintan  Arsaidh sin, a eoúin Accla innis dúinn adbur t echtra atá accam co séghda  h accallam a hénbérla In t-én Gé thusu nochu n-óg ort is fada ó do cháel do chorp i n-Dún Tulchu fa ticc muir a Finntain, a fir eóluigh Fintan  Mó iss ínganta mo beth beó táinic ar mo chraidhe ceó cumha Rois Gredha gum roinn mó rom-chráidh aidhedh Illainn  A eóin a h-Accuill na b-fían atú ar tí tfaicsina ríam arnat faiccsin abair rinn ca cúis fa n-adhrai d Accaill In t-én  Soillsi a h-aeóir caoimi a cúan tess a fidbaidhe nach fúar torthaighe a sealg sáire a sreab ocus úaignighe a hinber  A Finntain ní rabu ríam áen-adhaigh i n-Accaill tíar nach fuighi nn mo sáith lem threóir d íascc iss d fíaduch is d oisfeóil  A micc Bóchra in bérla báin ó ráinic ar chóir chomhráidh ar grádh ssu innis dam do thaidhecht is do sáeghal Fintan  Mo sáeghul roimh dhílinn duib cúig bliadhna déc do bliadhnuib tug Día tar éis dílinn damh cúig cét cúig míli bliadhan   Fúarus-sa tuilliudh a eóin adhbar damh beth am senóir deich cét bliadhan damh mar sain adhbhur dom áeis beith arsaidh.   A h-seabuicc a h-Accuill úair ber-si bennachtain is búaidh ón lo ro ghenis a h-uigh abair nuimhir do h-sáeghuil In t-én  Inann sáeghal damh is duid a Finntain mheic Bóchra buicc cert-inann ré ní fáth fill  inann degháes iar ndílind.  A Finntain mheic Bóchra báin os tussa in fili san fáidh innis dúinn gan chairde anuis na h-uilc is aidhble fúaruis  Fintan  Díth Illuinn aidhedh mo mhacc bás Cesra co n-gili glacc mó rom-chráidh ó sin immach  m adhaigh ar Ess Rúaidh rónach   Ar ndíth Ladra is Bethadh binn  ar n-dubhdortadh don dílinn  rom-chuir in Coimdhe dom chrádh h-i richt égne ar gach n-úarán  Fa gairit limm beth ar Bóinn  ar toidhecht dom dar muir móir ar Búais ar Banna ar Bru duinn ar Succu ar Súir ar Sinainn  Ar Sláine is ar Life thoir ar Maigh s ar Ethne findgloin ar Múaidh ar Modhuirn ar Muir ar Soláin ar Láigh ar Leamhuin  Ar Sinuinn ar Dáeil s ar Duibh ar Sligech s ar sruth Munuidh gu ticcinn gan lén ille go hess inbir na hÉrne  Adhaigh dhamh ar in tuinn túaidh  ocus mé ar Ess rónach Rúaidh ní fúarus adhaigh mar sain ó thús co deiredh domain   Nír fétus anadh fon ess berim léim nirb é mo les ticc in t-aighredh mur ghlain n-guirmm etromm is Ess meic Modhuirn  Tic préchán a h-Accuill úair ós cionn inbir Essa Rúaidh ní biu ca chelt cidh fáth rúin do fúadhaigh leis mo lethsúil  Goll Essa Rúaid do lean dím ón adhaigh-sin borb a brígh atú gan mo tsúil ó h-soín nem-ingnadh dúinn beith arsaid.  In t-én  Is misi do sluig do súil a Fintain in aicnidh úir is mé in seabac líath co ladh bís a coim Accla m óenar Fintan  Massa thusa sin gidh sáeb d fácbuis mé co cíamair cáech atá i ndliged s a n-dúla ícc rimm éruicc m énsúla In t-én  Éraicc bec do-béruinn duit a Finntain mheic Bóchra buig in áe-nsúil-sin h-it chinn chrín prap do sluigfinn am óenmír  Fintan  Searb a cana a mir-eóin móir binne cach fethim co fóill do-ghén-su osa mé is míne comrádh ar mo choimdíne  Cúig cét bliadhan dam-sa am gholl am égni tháeib-leaphur thromm ar lochaib ar aibnib sain ar gach muir saidhbir sruth-ghlain  Cóeca bliadhan mé amm ilar  tercc éun do dénad minadh,  iss cét bliadhan damh fa muirn am séghdha h-seabaic h-súl-ghuirm  Gur mithidh le rígh n-gréne mo chur am richt budhéine ca fuighinn ní bud fiú sain acht cé tú indiu co harsaidh.   ré Sláinghe mheic Dhela cét-rígh Fódla fúair fledha co linn Láeghuiri mheic Néill  co toidhecht Phátruic phenn-réidh   Is mé fa hairdbrethim binn da gach rígh dar ghab h-Érinn mé do roinn gach crích co cain accu gan fích gan fogail  Trí chét bliadhan gan temeal  óigi m áisse fa dheriuth re linn mo dalta gan táir Illainn sgíamaigh mheic Sgannláin  Gan temheal choidhchi ar mo chuirm nír sgar mo macrad ré muirn cách aca n-díl riam a m-brugh gan chrínadh criadh ná chomluth  Beg co bás Illainn gach ní min gach díth gur cláechlódh lí crín anocht mo chalann chain fír a canam, cid arsaid.  A eóin, is arsaidh do chlúmh  ó dho léiges rit mo rún inniss dúinni tré rechtaibh blogh ale dott imthechtaib In t-én   Atá accom duit uile a mheic Bóchra barr-buidhe fiss gach catha cenn a ceand da tucodh i n-iath Hérenn   A cath Muighi Turith thiar h-i Cunga nír chlódh mo chiall do bídh a mheic ger mhór in ail  fuil do chlainne fam chrobaib  Ann torchair do dá mac dég ga faigsin adhbul in béd do chognus da gach géig úir lám nó leth=choss nó leth- súil   Do-chúadhus turus budh sía 
 assin Chunga nertmur níadh i n-deguidh Eochaidh mic Eircc co Tráigh n-Eóthuili n-oirdheircc 
 Tar éis uisci d ól don rígh 
turus nachar búadach brígh do chomthuit issin chath chrúaid iss clann Nemidh co nert-búaidh 
 Ar n-inntódh chum in chatha doconncus ní réim ratha ó Chunga co Sruthair sair lán do chorpaib na cossair 
 Ar n-dul damh a mescc ind áir do-chím dom leth-táeib an láim fainne don derg-ór mar fuil fa gach énmér da méraib 
  A l-láechdacht fa lór a mét 
 iss mairg dar gerradh in ghég a cáeimhe s a fad s a fedh derge ocus áille a h-ingean 
 Muinchille sreabnaidhe sróill 
 is muinchille inair óir do bí uimpi ar a muin-sin fedh na láime don lúirig 
 Tógbaim hí s nírb fann in treóir in lám itir fuil is feóil berim lim fa h-anba in fedh go Druim Ibair na n-inber 
 Lám Núadhat do fúarus ann 
airdrígh Thúaithe Dé Danann, secht m-bliadhna di a n-adhba m én ac sin a Fintain ursgél 
 Do-gheib muicith Núadhat náir 
 beriss co Carnn Lámha in láimh is trithe do thuitsit tair. Miach is Oirmedh gérb easbaid 
 Deich mbliadhna fichet ro fess 
 ó chath Muighe Tuired thess co cath Muighe Tuirith thúaid ar thuit Balur in mór-slúaigh 
 Ar n-díth Fomóruch in áigh 
uch rob í in t-sáimrighe sáim  gan chreich gan ghalur gan ghuin gan fúath gan feall gan fingail 
  Muigh Cétni itir dá choill 
 gu Céis cráeb-thorthuigh Coruinn dob imda grecho gábaidh ó armmuib in Illdhánaigh 
 A n-diaidh meicc Ethne na n-armm 
 fa h-imda brain-éun iss badhb do bo mana crimb chnáma táeph re Lugh na láech-lámha 
  Nochu n-facco missi riam thair ná thúaidh ná thess ná thiar s nochu chúala láech mar Lugh ón laithiu ro ghein dhumh 
 Fada lim-so la toghu  mór in sgéul glacc na gonu a h-aithle mic Guill dá ghuin atát na fuinn gu harsaidh. 
 Fintan  Is mór mfala rit ann sin a eóin a h-innsi in fiadaig crimm corp mo chlainne nár thaiss 
leth mo ruiscc ríghdo rinn-glaiss 
 Budh hé híccsa ngním nách gar mádh táesca dhuit iná dham 
mana biad fo thalmain thinn soimmled do chuirp gan choicill In t-én  Inniss a úa Láimfiach láin ar do bhréthir ar do bháigh imthúsa Míledh don muigh is a chlainne na dheghuidh. Fintan  Trícha mac ocus dá mac ac Mílid co n-gile n-glacc 
 ní ráinic díb demin linn acht óenseiser co h-Éirinn  Ar tocht a h-Espáin in áigh 
ochtur derbráithrech don dháim do báidedh h-r is Dunn dil ar muir úathmuir ilpíastaigh  Do thuccsat cath Tailltin tall maróen is Túatha Dé Dhanann ar n-díth clainni Cermuit crúaidh  le clannuib Míled mong-rúaid 
 Do roinnsit Banbha gan brón 
Émer ocus Érimón co tánaic úabur a m-ban bliadhain gan chreich gan chogadh  Do ráidh ben Éirimóin na cath mun budh le druimm cáein Cesrach Druimm Bethi Druim b-Fingin finn  nach biath áen-oidhchi i n-Érinn  Ainm dílis gacha druimmni 
budh búan am chridhe a chuimni Tír Maine is Cnoc Medha mór is Cenn Mara gan cláechlódh 
  Torchuir Émear anba in fer 
 le h-Érimón mac Míled fúair a Túaith Ghéisil a ghuin sa maitin ar Muigh Smerthuin 
   Éremón anba in rath co Conuing meann m-boc-foclach do bí Ére na tuinn técht gan olcc gan feall gan ainécht 
 Do bámar lá hi Temraig thoir 
 re tóeb Echach tind tolccoigh a Múr Tea i n-aitreb thair rissi n-abur tra Temair 
 Glúaisis Conuing a Temraigh 
ocus a slúaigh na lenmain co h-áenuch Dromma Léith láin  maithi Midhe na mhór-dháil 
  Mar do bhámar i n-Druimm Léith 
slúaigh Innsi Fáil fir nár tréith 
co facamar in fer mór cucuinn ag techt nar tinól 
  Beirt ghlé-gheal mun gillu mór 
 sí arna h-úaim ule d ór 
do faluigh oirn in gréin n-glain a sgáile ac tocht co Temraigh 
  Cráeb thoruidh i l-láim in láeich 
 maith a boludh glan re gáeith do bí ar in cráeib-sin chena cnái ublu ocus áirnedha 
 Dergbuidhe nán t-ór a folt 
gile ná cubur a chorp iss h-é iss áille at-chonnucc ann da táinicc i n-íath h-Éreann 
 Suidhiss accuinn amra in rádh 
ticcmait ule da ghnúis grádh laphruiss re Conaing na cath assin bérla glan ghrécach 
  Cé thussa a láeich iss lór mét 
 laphrus bérla na fer n-Grécc inniss dúinn co fír a bus ca tír a fuil t urradhus 
  Is missi Tréfuilngidh trén 
a airdrígh nime na néll iss ass tánagus anair a parrthus a purt dhaimh 
  Uidhe is faite ná sin síar 
nochon tairinn go gnáth-ghrían nochon fuil feronn ná fód táeb thíar do Dún Mo Cháemóg 
  Do siublus-sa in cruinne ó tháeb leabhar gach thuinne nochur fácbus treab ná tonn acht in tír si gan todholl 
 Don doman iss tairsech tair parrthus port chlainne hdhaim tairrsech talman tíar ón tuinn 
Iniss Glúair baile Brénuinn 
 Do ráidh Conuing fa rádh gann nochon fétfamaeis t fulang ar romét do sátha thair a Thréfuilngid trén-foclaig 
 
 Do ráidh Tréfuilngid na tráth 
ni beg limm do biadh gu bráth balad mo chráibi cáimhe gach n-énlá s gach n-énaidhche  
An chráeb-so at-chíthi im láim sásadh dferuib h-í s do mnáib  fóirid a búadha gin ghus  fúacht iss íta iss occurus 
  Da caithea iss t agaid fathúaid 
 torad in chraind-si fo búaidh in t-arracht ghlacus h-í de 
 téit a n-óicce assa h-aithle 
 Da caithea iss t agaid budess 
torad in chrainn-si fo mess ní h-egail duit galar drenn i céin mairius in draigheann 
 Trí lá dó hi Temraig na trét 
 a comrádh bind nocho brég co táinic slúagh finn fuinidh hi n-óen-fecht da innsaighidh  
Ceilibhraiss dferuibh Fódla glúaissis na réim rochródha fágbais don chráib nar tír thall cnú is áirne is uball 
  Meissi do thóguib in mess iss do chuiris é rem chress noco tairnicc limm a chur  nochon fúair nech mo báeghul 
 Cuirim-si na trí toraidh 
táinic chucuind d ar cobair Eó Rossa cráeb Mughna móir bile Tortan in trom-slóigh 
 Ac sin duit a h-sebuic h-suairc 
sgél bec comuinn ar do chúairt ar in máil-finn n-gel-bláith n- glain 
mun senráith áibinn arsaidh. 
 In t-én  A Finntoin mic Bóchna báin ber-si bennachtain co m-báigh gacha fúarus dod sáeire budh sgél do chinn chummaéine  A n-aimsir Chonchobair chaéim fa mór m allud ocus m aéib  ac sibul chnocc ocus glenn fam rí ar énlaith Érenn 
 Ar tháibleóir Trágha Bale tarrla m úid ocus m aire fer cúarta gacha cúaine Cúchulainn na Cráebrúaide  An úair do thuit sa mebail Cú Rúi rí Clainne Deghuidh do chaithius mo sáith da fuil arna thuitimm san imghuin  An úair do thuit Garb mac Sdairn leisin Choin do bíathad baidhb dá súil in Grégaig co n- gnái do chaithius a tús degh-lái 
 Menicc fúarus feóil is faidhb  ó Náissi fa nimnech airmm  nír chaithius a feóil ná a fuil  ar a feabus a n-imghuin  Tarrla chucum-sa cenn Cet 
 tar éis a ghona s a ghlecc do bud grimm dásachtach dhamh tarmmuirt a súil mo thachtadh 
 Do chaithius fa h-anba a mét corpán Monodhair meic Cécht  fúarus mór corp druimm ar dhruimm ó láim choscuraig Chonuill 
  deabuigh nocha dechuith in gcén ro búi na bethaid do bídh na h-aibni lán d fuil ón Chúlglaiss Chonaill Chernaig 
 Fa hé in mílid sa mét móir Fergus roghasta mac Róigh fer comlainn cét crúaid a ghal  ó faghuinn feóil is fulrad 
 Fa mana glíadh iss gábaidh a n-diaigh in t-slúaigh ar Tánuidh lór a déne s a demne breisslech Muighe Murthemne 
 Tar éis ar marb Cú na cles. nír sguir gur cirrbad a chnes do bí a agaid lán da fuil s a dhruimm re cairthe in chumpuir 
  Tánac ós cinn in churad 
ocus a drech ar n-dubad d ithi a súla nír thoisc áigh crumaim mo chend sa chongháir  Mothaighis mé ar a agaid tógbais súas in láim lagaig cuiris a chletín curad  trem cholainn don chéttulad  Berim-si eteall angbaid co h-Inis Géidh dar glennmuir tairrngim assamm borb an brígh| crann crúaid-righin in chletín   Anaidh am cholainn in cenn mo chraidhe do chráidh go tend co slán ní fuilimm ó h-soin  s ní cheilim ótú arsaid.  Arsaid sin. Mé do marb mór na sgéla óenchorr do bí ar Muigh Léna ocus ilar Droma Bricc do thuit lim san áth oirdirc   Mé do marb súaircc in sére énchorr Innsi guirm Géidhe iss mé do choguin fam chír dá én lán-méthi Léithín  Is mé do marb ríghda in rúaig Dubchosach seng Slébe Fúait lon Droma Seghsa na sreb fúair bás i crobaib m ingean  Re linn Logha láech gan lén  do-berinn co hadhba mén am chrobaib síar gan sínedh cuirp curadh nó cathmíledh  I ré Iúghaine co m-búaid dam-sa ro budh croib-nert crúaid tar gach gort is tar gach n-glinn torc na bliadna do-berinn   Re linn Chuinn Chétchathaig cháim fa mór m allud ocus m áib do-berinn lim a cíana  báethán lúath na leth-bliadna 	 I n-aimsir Chormaic meic Airt dam-sa fa feidm fuillmech failc do thógbuinn in muc nó in banb co h-eturuhasach aggarb  Do sírinn Midhe co l-lí resiu do-chúaid sair Dathí da gach táib do Themraig tair  i l-lenmuin in láeigh allaidh  Ar n-arrsugud dhamh na dhiaigh fúarus gábud ocus gliaid do bí mire a cuirr chíamair i n-aimsir Néill Nóigíallaig  A reimes Diarmata duinn meic Fergusa meic Cherbuill do-nínn scíth fa chorp in luin fo thrí ocus fo chethuir  D éis gach gnímraid ar gach gort sa fúarus d ág ocus d olc is uime tánac anair re h-aghaidh h ongtha a Fintain  Ac sút misi ac imthecht úait a Fintain co h-Accaill úair  sír-si lóghadh ar Dia damh amárach ticc mo h-saeghal Fintan  Ná bíth uaman ort a eóin ammárach bud maith do threóir biaid th anum ar neam na néll dochan aingel mar ursgél  Rachaid misi a n-dáil éga|  isin laithi chóir chétna is mé Fintan fial rus-fail  tar éis na fían co h-arsaid.  Arsaid sin Creidim do Chríst nocha chél do airdrígh nimi na néll triath nembras na fód rod-fail dhealbus gach óg gach arsaid.  Dr. Kuno Meyer.– Ancient Irish Poetry, London, Constable 1913.  |